About this Event
Sa saothar nua suntasach seo, déantar iniúchadh ar thábhacht an spóirt le linn Réabhlóid na hÉireann agus ar an gcaoi ar mhúnlaigh athruithe polaitiúla, sóisialta agus cultúrtha saol an spóirt in Éirinn. Déantar machnamh ann freisin ar an tionchar a bhí ag an spórt féin ar an tsochaí nua a tháinig chun cinn in Éirinn le linn na réabhlóide.
Tabharfaidh Dara Calleary TD, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, aitheasc speisialta ag an ócáid.
Beidh cóipeanna de An spórt agus an réabhlóid in Éirinn ar fáil le ceannach tráthnóna na hócáide, agus beidh fáiltiú ann ina diaidh.
Tuilleadh eolais faoin leabhar: An spórt agus an réabhlóid in Éirinn – Royal Irish Academy
***
Join the Royal Irish Academy to celebrate the publication of An spórt agus an réabhlóid in Éirinn by Paul Rouse and Cathal Billings.
This remarkable new work explores the importance of sport during the Irish Revolution and examines how political, social and cultural transformation reshaped sporting life in Ireland. It also considers how sport itself became one of the forces influencing the new society that emerged in revolutionary Ireland.
The evening will feature a special address by Dara Calleary TD, Minister for Social Protection and Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht.
Copies of An spórt agus an réabhlóid in Éirinn will be available to purchase on the evening, and a reception will follow the event.
Further information about the book: An spórt agus an réabhlóid in Éirinn – Royal Irish Academy
Eolas faoi Acadamh Ríoga na hÉireann
Is cumann léannta neamhspleách, uile-oileáin é Acadamh Ríoga na hÉireann, a bunaíodh sa bhliain 1785. Tacaíonn an tAcadamh le scoláireacht agus taighde sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta. Tá tuairim is 680 comhalta tofa ann agus 80 ball foirne, agus déanann siad ionadaíocht ar son na hÉireann go hidirnáisiúnta, cuireann siad comhairle shaineolach ar fáil don rialtas, déanann siad taighde, déanann siad deontais taighde a riaradh, eagraíonn siad comhdhálacha agus léachtaí poiblí, cuireann siad leabhair agus irisí acadúla i gcló, agus déanann siad cúram de leabharlann taighde.
About the Royal Irish Academy
The Royal Irish Academy (RIA), established in 1785, is an all-island, independent learned society and academic body that champions research by supporting and promoting scholarship in the sciences, humanities and social sciences. Its elected membership of approximately 680 individuals and 80 staff represent Ireland internationally, provide expert advice to government, carry out research, administer research grants, organise conferences and public lectures, publish academic books and journals, and maintain a research library.
Tabhair faoi deara: Ba cheart go mbainfeá an tAcadamh (19 Sráid Dhásain) amach faoi 5.50 i.n. ar a dhéanaí chun a chinntiú go mbeidh gach éinne socraithe sula gcuirfear tús leis an imeacht ar 6 i.n. Ní ligfear isteach daoine a bheidh déanach.
Please note: We ask that you arrive to the Royal Irish Academy (19 Dawson Street) no later than 5.50 pm so that we can ensure everyone is seated before the event begins at 6pm. Late-comers will not be admitted.
Riachtanais rochtana
An bhfuil riachtanais rochtana de chineál ar bith agat? An bhféadfaimis cuidiú leat tairbhe iomlán a bhaint as an imeacht? Bí i dteagmháil, roimh ré, le hoifigeach rochtana an Acadaimh, [email protected]
Access requirements
Have you got any access requirements that we can assist you with, so that you can fully engage with our event? Please let us know by contacting our access officer in advance of the event by email: [email protected]
Léigh ár gCód Iompair maidir le hImeachtaí agus ár Data Protection Policies.
Read our Events Code of Conduct and our Data Protection Policies.
Event venue & nearby stays
Royal Irish Academy, 19 Dawson St, Dublin, Ireland