About this Event
Ócáid á reáchtáil ag Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge) ar an 26ú Samhain 2026 i DCU (ionad le deimhniú).
- Aoichainteoir: an t-Ollamh Roibeard Ó Maolalaigh (Ollscoil Ghlaschú): 'Canúintí na Gàidhlige'
- Cainteoirí eile atá deimhnithe: An Dr Diarmuid Ó Sé (UCD); An Dr Eoghan Ó Raghallaigh (MU); An t-Ollamh Mícheál Ó Mainnín (QUB); An Dr Charlie Dillon (MU); Róise Ní Bhaoill (údar, Ulster Gaelic Voices, 2010), an Dr Aindí Mac Giolla Chomhghaill (an Brainse Logainmneacha)
Is trí Ghaeilge a thabharfar na cainteanna (agus ní bheidh seirbhís ateangaireachta ar fáil). Cuirfear tae, caife agus lón ar fáil. Tá an seimineár á mhaoiniú mar chuid den tionscadal Canúint, atá á mhaoiniú ag Taighde Éireann trí scéim COALESCE agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Seolfar leagan nua den suíomh www.canúint.ie an tráthnóna sin in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ar Bhóthar Burlington, mar chuid d’imeachtaí Thionól 2026. Beidh bailiúcháin nua taifeadtaí ar fáil ar an suíomh sa leagan nua seo ó chartlanna fuaime Acadamh Ríoga na hÉireann (Doegen), ó chartlann GLÓR Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus ó Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Event venue & nearby stays
DCU St. Patrick's Campus, Drumcondra Road Upper, Dublin, Ireland