#StayHappening
Tue Dec 08 2026 at 06:30 pm to 08:00 pm UTC+00:00

Rince Seit le AAG (Nollaig)

  • Foras na Gaeilge · Dublin 1
  • From EUR 0.00
AerachAiteachGaelach Publisher / Host AerachAiteachGaelach
Share
Rince Seit le AAG (Nollaig)
Advertisement
Tar ag damhsa linn!
About this Event

Bígí linn le céimeanna an rince seit a fhoghlaim ó Patricia Ní Bhroin! Rachaidh airgead uile sheisiún na Nollag i dtreo Médecins sans Frontières. Is féidir airgead a dheonú munar féidir leat a bheith i láthair.

Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge as a halla a chur ar fáil don seisiún.

Ná bí buartha ar chor ar bith mura bhfuil aon chleachtadh agat ar an rince seit cheana: léireofar gach rud ón tús agus rachfar trí na céimeanna diaidh ar ndiaidh. Is múinteoir den scoth í Patricia agus tá sí tar éis ceardlann a dhearadh atá feiliúnach don phobal uile, an pobal LADTAIÉ+ san áireamh. Beidh craic den scoth againn!

Beidh muid ag cur allais mar sin beir leat:

  • buidéal uisce
  • t-léine sa mbreis
    Tá fáilte roimh chách: aiteach nó díreach; mná, fir agus daoine neamhdhénártha!


Eolas faoin damhsa seit

Is cineál de dhamhsa sóisialta é an rince seit a dhíorthaítear ó chuadraillí na Fraince san 18ú haois. Cuimsíonn sé roinnt (cúpla dosaen) damhsaí ainmnithe a dhéanann ochtar rinceoirí/ceithre phéire. Is éard atá i ngach rince nó ‘seit’ ná trí go seacht (ceithre nó cúig go minic) ‘figiúir’ ghearra (90-180 soicind le déanamh, den chuid is mó) a dhéantar a rince in ord, le sos idir gach dá fhigiúr. Déantar na damhsaí i dtiúin le cineálacha éagsúla foinn rince thraidisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear ríleanna, poirt, cornphíopaí, sleamhnáin, polcaí agus flaing. Is féidir figiúirí seit a rince i dtiúin leis an gcineál céanna fonn, nó le cineálacha éagsúla fonn. Is suntasach an úsáid a bhaintear as cineálacha éagsúla fonn, de réir mar a ghluaiseann corp rinceora ar bhealaí beagán difriúla chun na céimeanna a oireann do na cineálacha éagsúla fonn a dhéanamh.

– Foinse: https://nationalinventoryich.tcagsm.gov.ie/ga/rince-seit-na-heireann/


Advertisement

Event venue & nearby stays

Foras na Gaeilge, 66 Amiens Street, Dublin 1, Ireland

Tickets EUR 0.00 to EUR 7.00
Concerts, fests, parties, meetups — all the happenings, one place.

Ask AI if this event suits you

Keep the plans coming

More events

SLIFT

Tue, 08 Dec at 07:00 pm The Academy