About this Event
Craoltóireacht 101 le Raidió Rí-Rá
Am: 18:00
Dáta: Dé Máirt 30 Aibreán 2024
Áit: Stiúideo Raidió Rí-Rá, 6 Sráid Fhearchair, D02 VH98.
An chéad cheardlann de chuid chúrsa craoltóireachta agus ceoil a chlúdóidh scileanna agallamh, scileanna cainte agus craoltóireachta, agus conas deiceanna dioscmharcaíochta a úsáid le seinnliosta den scoth a chur le chéile agus a chur ar an aer - nó ar an úrlár damhsa!
1. Craoltóireacht 101 le Sinéad Ní Uallacháin - 6pm Dé Máirt 30 Aibreán
Conas mír mhaith raidió a thaifead. Feiliúnach do chraoltóirí ar mhaith leo clár a chur i láthair, nó ar mhaith leo a bheith mar aoichainteoirí ar chláracha raidió agus podchraolta. Foghlaim conas píosa cainte raidió a ullmhú, agus conas barr smaise a chur ar do chur i láthair ar an aer.
Saor in aisce do chraoltóirí Raidió Rí-Rá (lorg cód lascaine ó [email protected])
Le teacht ar Chraoltóireacht 101 le Raidió Rí-Rá:
Dioscó agus DJ-áil le Fiona Ní Gháibhín (An Meangadh Mór) - dáta le deimhniú
Foghlaim conas deiceanna Numark a úsáid, ceol a mheascadh beo ar an aer nó ar an láthair i gclub oíche, agus cén chaoi seinnliosta lasta a chruthú d'ócáid ar bith le Fiona a bhfuil taithí aici ar na deiceanna ag leithéidí Lumo Club, sa Big Romance agus ar Raidió na Life.
Event Venue & Nearby Stays
6 Harcourt St, 6 Harcourt Street, Dublin, Ireland
EUR 8.00