#StayHappening
Sat Nov 21 2026 at 01:00 pm to 02:30 pm UTC+00:00

Book Launch: Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh

  • Cultúrlann McAdam Ó Fiaich · Belfast
  • From USD 0.00
Cl\u00f3 Seoighe Publisher / Host Cló Seoighe
Share
Book Launch: Dh\u00e1 Ch\u00e9ad de Cheoltaibh Uladh
Advertisement
Tar chuig seoladh Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh agus bain sult as ceol agus scéalta Uladh beo! / Conversation in Irish and English.
About this Event

Book Launch: Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh

Cló Seoighe, in collaboration with An Ceathrú Póilí bookshop, is delighted to announce the launch of Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh at the Dillon Gallery in An Chultúrlann on Saturday, 21st November 2026 at 1pm.

The culmination of three years of transcription, translation and research, this new edition forms part of the Henry Morris Project, a labour of love dedicated to preserving and sharing the extraordinary work of Énrí Ó Muirgheasa.

First published in 1934, Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh brings together the songs and the stories and research behind them, much of which has remained largely unseen and unsung for almost a century. This new edition preserves the original Ulster Irish lyrics while making the accompanying research accessible to a new generation of singers, musicians and readers.

Robbi will be joined in conversation by his friend, actor and journalist Dónall Mac Giolla Chóill, to reflect on the journey behind the book and, above all, to celebrate the people, language and musical heritage it preserves.

With heartfelt thanks to everyone who has supported the project, we will be joined by singers from across Ulster.

The book is available to pre-order exclusively from An Ceathrú Póilí and will be available throughout Ireland following its launch.

-

Tá lúcháir ar Chló Seoighe, i gcomhar le siopa leabhar An Ceathrú Póilí, a fhógairt go seolfar Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh i nDánlann Dillon sa Chultúrlann, Dé Sathairn, 21ú Samhain 2026, ar 1in.

Is toradh é an t-eagrán úr seo ar thrí bliana de thras-scríobh, d'aistriúchán agus de thaighde, mar chuid de Thionscadal Énrí Ó Muirgheasa, saothar grá a bhfuil sé mar aidhm aige oidhreacht shaibhir Énrí Uí Mhuirgheasa a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal.

Foilsíodh Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh den chéad uair sa bhliain 1934. Tá amhráin, scéalta agus taighde le fáil sa chnuasach nach bhfacthas ná nár canadh cuid mhór díobh le beagnach céad bliain. Caomhnaítear na bunliricí i nGaeilge Uladh san eagrán úr seo, agus tá an taighde a ghabhann leo curtha ar fáil do ghlúin úr amhránaithe, ceoltóirí agus léitheoirí.

Beidh Robbi i gcomhrá lena chara, an t-aisteoir agus iriseoir Dónall Mac Giolla Chóill, le labhairt faoin turas a bhain leis an leabhar a thabhairt chun críche agus, thar aon rud eile, le ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine, ar an teanga agus ar an oidhreacht cheoil atá caomhnaithe ann.

Gabhaimid buíochas ó chroí le gach aon duine a thug tacaíocht don tionscadal agus a chuidigh linn na hamhráin seo a thabhairt ar ais don phobal. Tá fáilte chroíúil roimh gach aon duine bheith linn ar an lá speisialta seo.

Is féidir an leabhar a réamhordú go heisiach ó An Ceathrú Póilí, agus beidh sé ar fáil ar fud na hÉireann i ndiaidh a sheolta.


Event Photos
Advertisement

Event venue & nearby stays

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Falls Road, Belfast, United Kingdom

Tickets USD 0.00
Concerts, fests, parties, meetups — all the happenings, one place.

Discover more events by tag

Ask AI if this event suits you

Keep the plans coming

More events in Belfast

Duke Dumont

Fri, 20 Nov at 09:00 pm The Telegraph Building

Belfast is happening.

See everything else that’s on — concerts, markets, comedy and more.