About this Event
Is deacair am agus spás a dhéanamh don chruthaitheacht. Mar sin tugann Glór Ár Linne agus Raidió Rí-Rá cuireadh do scríbhneoirí agus cumadóirí ceoil tráthnóna a chaitheamh i spás sábháilte le cleachtadh scríbhneoireachta a dhéanamh, agus aiseolas dearfach a lorg agus a thabhairt do cheoltóirí eile i gcafé Small Changes.
Faoi stiúr Róisín Nic Ghearailt, tabharfar moltaí agus leideanna ag tús na hoíche, le cruthaitheacht a spreagadh. Fágfar faoin ngrúpa cleachtadh aonair nó i ngrúpaí a dhéanamh i spás ciúin, áit a bhfuil caife ar oscailt agus comhluadar cabhrach.
Beidh deis - ach níl aon bhrú - amhrán nó véarsa roinnt ag deireadh na hoíche agus beidh fáilte roimh aiseolas dearfach agus moltaí ón ngrúpa.
Más scríbhneoir proifisiúnta thú nó más maith leat do chéad amhrán a scríobh, más ceoltóir uirlise thú nó amhránaí, cuirfear fáilte romhat ag an oíche réchúiseach seo.
Fáilte roimh uirlisí. Ní bheidh méarchlár ar an láthair.
Beidh an caife oscailte freisin le sóláistí blasta agus tae teolaí a ordú.
Le cúnamh ón gComhairle Ealaín agus BÁC le Gaeilge
Event Venue & Nearby Stays
Small Changes Wholefoods Store, 120 Emmet Road, Dublin 8, Ireland
EUR 8.00












