About this Event
Rugadh Laoighseach i gceantar an Lagáin in oirthear Dhún na nGall ach tá cónaí anois uirthi i nGaeltacht Chonamara. Is scríbhneoir óg, bisiúil í a bhfuil saineolas aici ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge, ábhar ar bronnadh PhD uirthi ina leith in 2025. Is é Solas Geimhridh agus Dánta Eile (Barzaz, 2023) an chéad chnuasach uaithi agus foilsíodh Mainistir na Feola (Barzaz, 2025) le tamall gairid anuas. Tá sí ag obair ar dhá chnuasach eile faoi láthair: Éiric na Seirce (athinsint ar an téacs 'Comracc Líadaine ocus Cuirithir' ón 9ú haois) agus Baile an Eibhir (a dhíríonn ar shaol na Gaeltachta sa lá atá inniu ann ó pheirspictíocht ‘An Strainséara’). Tá sí ina Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath freisin agus bhí sí ina comheagarthóir ar an iris úr filíochta, An Dearcán.
Sa seisiún speisialta seo, labhróidh Laoighseach linn faoi cheird agus chleachtadh na filíochta. Bí linn!
Táimid thar a bheith buíoch d'Fhoras na Gaeilge as tacú leis an seisiún seo trí Scéim na Litríochta.
Event Venue & Nearby Stays
Foras na Gaeilge, 66 Amiens Street, Dublin 1, Ireland
EUR 0.00












