About this Event
Bí linn don imeacht speisialta Péint & Prosecco: Lá Fhéile Gal-intín!
Ticéid:
Tá costas £15 ar thicéad agus caithfear ticéad a chur in áirithe trí Eventbrite, mar tá spásanna teoranta. Cludaíonn an costas seo:
- Gloinne Prosecco ar theacht isteach duit (nó deoch gan alcól dá más fearr leat)
- Trealamh ealaíne ar fad (naprún, péinteanna, scuabanna agus canbhás le glacadh na bhaile!)
- Smailceacha & Solaistí
Ma tá riachtanais bhia agat, cuir ar an eolas muid agus déanfaidh muid rud éigin a shocrú duit.
Is imeacht sóisialta dátheangach é seo do dhaoine fasta, agus tá fáilte roimh chách thar 18. Ghlac do chuid Prosecco féin.
Áit: An Lonnán, Áras Raidió Fáilte
Dáta & am: Satharn 7ú Feabhra, 13:00-16:00
Event Venue & Nearby Stays
Raidió Fáilte 107.1fm, Divis Street, Belfast, UK, United Kingdom
GBP 16.96












