About this Event
Tá fáilte mhór roimh an bpobal ar fad - idir aiteach agus dhíreach - chuig an oíche ghalánta seo.
Bí i láthair le fáil amach céard a bhí ar bun ag ealaíontóirí AerachAiteachGaelach le bliain anuas agus le ceiliúradh a dhéanamh leo ar a gcuid saothar cruthaitheach.
Cloisfidh muid amhráin, dánta agus scéalta ó ealaíontóirí bríomhara aiteacha agus seolfar AiteachCuèir, an dara heagrán d'irisín AerachAiteachGaelach, comhthionscadal idir ealaíontóirí aiteacha Gaeilge agus ealaíontóirí aiteacha Gàidhlig. Beidh fáiltiú fíona ar an oíche.
Stíl éadaí: Manglam.
Gabhaimid buíochas ó chroí le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD leis an gcúnamh leis an ionad agus le Foras na Gaeilge atá ag tacú leis an oíche álainn seo trí Scéim na Litríochta 2025.
Ealaín an phóstaeir: Líadan Ní Chearbhaill.
Event Venue & Nearby Stays
MoLI – Museum of Literature Ireland, 86 Saint Stephen's Green, Dublin, Ireland
EUR 11.70












