
Bain taitneamh as oíche den scoth lán de scéalta ghrinn 'gus jócanna le roinnt de na fuirseoirí is fearr in Éirinn. Beidh Na Gaelgáirí ag teacht chuig DLR LexIcon i nDún Laoghaire ar an gCéadaoin 12ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025. Na fuirseoirí atá ag glacadh páirte ar an oíche ná Aideen McQueen (RTE/ TG4/ BBC) Síomha Ní Aonghusa ( Dublin Fringe/ Edinburgh Fringe)
Louise O Toole (Edinburgh Fringe/ Irish Jester 2024) Justin Cass (Electric Picnic/ Féile Ealaíne na Gaillimhe) agus Seán Ó Beaglaoich (RTE/ Dublin StorySlam).
Tá na ticéid saor in aisce ach ní mór áit a chur in áirithe ag www.eventbrite.ie. Beidh na doirse ar oscailt ag 5.30pm agus cuirfear tús leis an seó ag 6pm. Bígí linn.
www.eventbrite.ie.
www.dlrcoco.ie
Event Venue
DLR Lexicon, Queen's Road, Dún Laoghaire, Dublin, Ireland
USD 0.00