An Chomhdháil Aiteach

Thu Jun 18 2026 at 09:00 am to 06:00 pm UTC+01:00

Trapdoor @ UCD | Dublin 4

AerachAiteachGaelach
Publisher/HostAerachAiteachGaelach
An Chomhdh\u00e1il Aiteach
Advertisement
Bí linn le foghlaim faoi léann na haiteachta trí Ghaeilge agus le héisteacht le cuid den ealaín Ghaeilge is nua ó AerachAiteachGaelach.
About this Event

Ba mhaith le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, i gcomhpháirt le hAerachAiteachGaelach, cuireadh a thabhairt don phobal bheith farainn ar champas UCD ag an gcéad Chomhdháil Aiteach den chineál seo sa Ghaeilge.


Más mian leat páipéar acadúil (20 nóiméad) nó píosa ealaíne (15 nóiméad) a léiriú ag an gComhdháil tú féin, seo chugat an ghairm ar pháipéir/ealaín:

Tá neart taighde ar bun faoi láthair sa ghort seo agus ba mhór againn an deis a thabhairt do thaighdeoirí, acadóirí, ealaíontóirí agus taibheoirí a gcuid taighde agus saothar a chur os comhair an phobail. Chonacthas borradh faoin réimse seo le os cionn 10 mbliana anuas lena n-áirítear drámaí arna léiriú ag AerachAiteachGaelach, staidéar ar theoiric na haiteachta, téarmaíocht aiteach, foclóirí aiteacha, filíocht, taighde sochtheangeolaíochta, léirithe agus go leor eile nach iad.

Is é is aidhm don chomhdháil an t-eispéireas aiteach a chíoradh agus a chur i láthair ar bhealach a chuimsíonn an ealaín agus an taighde acadúil araon.

Íocfar na healaíontóirí a nglacfar lena n-iarratais as an léiriu a dhéanfaidh siad.

Reáchtálfar an chomhdháil seo trí mheán na Gaeilge agus beifear ag súil leis go ndéanfar na painéil agus léirithe as Gaeilge. Tá sé mar rún againn ateangaireacht go Béarla a chur ar fáil ar an lá don lucht féachana.

Cuirfidh lucht eagrúcháin na comhdhála fáilte roimh pháipéir ar na téamaí seo a leanas (ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin).

Léirithe nó píosaí ealaíne:

  • Léamh filíochta
  • Drámaí / plé ar dhrámaí aiteacha
  • Aistí cruthaitheacha a phléann le téamaí nó topaicí aiteacha
  • Amhráin agus an aiteacht
  • Léirithe damhsa
  • Monalóga
  • An aiteacht sna meáin nó sa scannánaíocht
  • An ghrianghrafadóireacht aiteach
  • An phéintéireacht nó aon fhoirm ghrafach eile


Páipéir acadúla:

  • Ról na mban i scéal aiteach na Gaeilge/na hÉireann
  • Aon taighde ar ábhar a bhaineann le pobal LADTA+
  • Taighde ar shaothair litríochta de chineál ar bith a phléann le téamaí aiteacha
  • Taighde foclóireachta, téarmaíochta, aistriúcháin nó corpais a phléann le ceist na haiteachta
  • An drámaíocht aiteach
  • Forainmneacha agus an Ghaeilge
  • An tsochtheangeolaíocht agus an aiteacht
  • Oideachas na Gaeilge agus an aiteacht
  • An aiteacht sa bhéaloideas


Bheimis buíoch díot as blurba 150-200 focal a chur chugainn a dhéanfaidh cur síos ar an bpáipéar taighde nó an píosa ealaíne roimh an 31 Márta 2026 chuig [email protected].

Sa chás go mbeidh ceist agat maidir le píosa taighde nó ealaíne a bheith feiliúnach, is féidir teagmháil neamhfhoirmeálta a dhéanamh linn ar an seoladh ríomhphoist céanna roimh ré.

Cuirfimid na hiarrthóirí ar an eolas faoi cé acu a glacadh nó nár glacadh leis an aighniú faoi lár mhí Aibreáin ar a dhéanaí.

Advertisement

Event Venue & Nearby Stays

Trapdoor @ UCD, Stillorgan Road, Dublin 4, Ireland

Tickets

EUR 5.00

Icon
Concerts, fests, parties, meetups - all the happenings, one place.

Ask AI if this event suits you:

More Events

Riverdance 30 - The New Generation
Wed, 17 Jun at 07:30 pm Riverdance 30 - The New Generation

Gaiety Theatre

Paul Brady in Dublin
Wed, 17 Jun at 08:00 pm Paul Brady in Dublin

Vicar Street

Descendants\/Zombies: Worlds Collide Tour (2026)
Thu, 18 Jun at 07:00 pm Descendants/Zombies: Worlds Collide Tour (2026)

3Arena

Riverdance 30 - The New Generation
Thu, 18 Jun at 07:30 pm Riverdance 30 - The New Generation

Gaiety Theatre

Paul Brady in Dublin
Thu, 18 Jun at 08:00 pm Paul Brady in Dublin

Vicar Street

Discover the Soul of Ireland \u2013 Escorted Cruise 2027
Fri, 19 Jun at 12:00 am Discover the Soul of Ireland – Escorted Cruise 2027

Dublin Port

Metallica Weekend at The Foggy Dew
Fri, 19 Jun at 01:30 pm Metallica Weekend at The Foggy Dew

The Foggy Dew