About this Event
Ba mhaith le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, i gcomhpháirt le hAerachAiteachGaelach, cuireadh a thabhairt don phobal bheith farainn ar champas UCD ag an gcéad Chomhdháil Aiteach den chineál seo sa Ghaeilge.
Más mian leat páipéar acadúil (20 nóiméad) nó píosa ealaíne (15 nóiméad) a léiriú ag an gComhdháil tú féin, seo chugat an ghairm ar pháipéir/ealaín:
Tá neart taighde ar bun faoi láthair sa ghort seo agus ba mhór againn an deis a thabhairt do thaighdeoirí, acadóirí, ealaíontóirí agus taibheoirí a gcuid taighde agus saothar a chur os comhair an phobail. Chonacthas borradh faoin réimse seo le os cionn 10 mbliana anuas lena n-áirítear drámaí arna léiriú ag AerachAiteachGaelach, staidéar ar theoiric na haiteachta, téarmaíocht aiteach, foclóirí aiteacha, filíocht, taighde sochtheangeolaíochta, léirithe agus go leor eile nach iad.
Is é is aidhm don chomhdháil an t-eispéireas aiteach a chíoradh agus a chur i láthair ar bhealach a chuimsíonn an ealaín agus an taighde acadúil araon.
Íocfar na healaíontóirí a nglacfar lena n-iarratais as an léiriu a dhéanfaidh siad.
Reáchtálfar an chomhdháil seo trí mheán na Gaeilge agus beifear ag súil leis go ndéanfar na painéil agus léirithe as Gaeilge. Tá sé mar rún againn ateangaireacht go Béarla a chur ar fáil ar an lá don lucht féachana.
Cuirfidh lucht eagrúcháin na comhdhála fáilte roimh pháipéir ar na téamaí seo a leanas (ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin).
Léirithe nó píosaí ealaíne:
- Léamh filíochta
- Drámaí / plé ar dhrámaí aiteacha
- Aistí cruthaitheacha a phléann le téamaí nó topaicí aiteacha
- Amhráin agus an aiteacht
- Léirithe damhsa
- Monalóga
- An aiteacht sna meáin nó sa scannánaíocht
- An ghrianghrafadóireacht aiteach
- An phéintéireacht nó aon fhoirm ghrafach eile
Páipéir acadúla:
- Ról na mban i scéal aiteach na Gaeilge/na hÉireann
- Aon taighde ar ábhar a bhaineann le pobal LADTA+
- Taighde ar shaothair litríochta de chineál ar bith a phléann le téamaí aiteacha
- Taighde foclóireachta, téarmaíochta, aistriúcháin nó corpais a phléann le ceist na haiteachta
- An drámaíocht aiteach
- Forainmneacha agus an Ghaeilge
- An tsochtheangeolaíocht agus an aiteacht
- Oideachas na Gaeilge agus an aiteacht
- An aiteacht sa bhéaloideas
Bheimis buíoch díot as blurba 150-200 focal a chur chugainn a dhéanfaidh cur síos ar an bpáipéar taighde nó an píosa ealaíne roimh an 31 Márta 2026 chuig [email protected].
Sa chás go mbeidh ceist agat maidir le píosa taighde nó ealaíne a bheith feiliúnach, is féidir teagmháil neamhfhoirmeálta a dhéanamh linn ar an seoladh ríomhphoist céanna roimh ré.
Cuirfimid na hiarrthóirí ar an eolas faoi cé acu a glacadh nó nár glacadh leis an aighniú faoi lár mhí Aibreáin ar a dhéanaí.
Event Venue & Nearby Stays
Trapdoor @ UCD, Stillorgan Road, Dublin 4, Ireland
EUR 5.00









