Advertisement
SÍOMHADéanann an t-amhránaí agus giotáraí neamhspleách Éireannach Síomha damhsa ar an líne idir daoncheol, snagcheol agus nuacheol anama, ag tabhairt lucht féachana go héasca ar aistear gan choinne dodhearmadta lena foinn thochtmhara. Is bailiúchán d’amhráin i nGaeilge agus Béarla araon é a céad albam, Infinite Space, a ndearna The Irish Times cur síos air mar “chéadalbam a bhfuil cumas dáiríre agus féinmhuinín ann”. Is cineál d’iar-phobcheol cosmach é, faoi thionchar an daoncheoil agus blas snagcheoil air. Ba é Tyler Duncan, a bhfuil ainmniúchán Grammy faighte aige, a rinne é a léiriú, agus tá liosta de shárcheoltóirí ann lena n-áirítear Joe Dart (Vulfpeck), Louis Cato (Bobby McFerrin/Snarky Puppy), Martin Atkinson Borrull (Toucan) agus an seinnteoir veidhlíne Jeremy Kittel (Bela Fleck/Chris Thile). Tá glór Shíomha lán de thaithí amh ó chroí. Agus iad ag éisteacht léi bíonn lucht féachana corraithe láithreach le bheith ag mothú ar an leibhéal is doimhne agus tagann siad amach agus iad nasctha níos dlúithe lena ndomhan féin.
“Tarraingíonn Síomha ó thobar domhan anama. Sáraíonn an ceol seo críocha ar bhealach nár chuala mé roimhe. Agus tá gach soicind de gach amhrán fréamhaithe i rithim.” — JOE DART (VULFPECK)
___
Independent Irish singer and guitarist Síomha (pronounced She-vah) dances the line between folk, jazz and neo-soul effortlessly taking audiences on an unexpected and unforgettable journey with her soulful melodies. Her debut album ‘Infinite Space’, described by The Irish Times as “a seriously accomplished and self-confident debut”, is a collection of songs in both Irish and English. A kind of cosmic, folk-informed, jazz-tinged, post-pop - it was produced by Grammy-nominated Tyler Duncan and features an all-star lineup of musicians including Joe Dart (Vulfpeck), Louis Cato (Bobby McFerrin/ Snarky Puppy), Martin Atkinson Borrull (Toucan) and violinist Jeremy Kittel (Bela Fleck/ Chris Thile). Síomha’s voice is full of raw heartfelt experience. When listening to her, audiences are instantly moved to feel on the deepest level and come out more intimately connected to their own worlds.
“Síomha draws on a deep well of soul. This music transcends boundaries in a way I’ve never heard. And every second of every song is rooted in groove.” — JOE DART (VULFPECK)
Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
Rugadh agus tógadh Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta i gceantar Chonamara, áit a bhfuil cliú agus cáil uirthi mar gheall ar a saibhreas ceoil, fonnadóireacht, cultúr agus teanga. Chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana ar The Late Late Show, áit ar chas siad leagan draochtúil den chaoineadh Anach Cuain. Bhí an clár ag teacht go mór le meon na tíre agus roinn na mílte ar fud an domhain an físeán. Tá aitheantas bainte amach ag an mbeirt mar gheall ar a gcuid ámhranaíochta ar an sean-nós (amhránaíocht as Gaeilge a chantar gan tionlacan den chuid is mó) agus an cóiriú uaithúil a dhéanann siad ar amhráin as Gaeilge agus as Béarla araon. Tá suim acu go háirithe sa chomhcheol agus cuidíonn an nasc teaghlaigh agus an caidreamh atá eatarthu seo a bhaint amach. Is ceoltóirí, rinceoirí agus ámhranaithe cumasacha iad beirt a bhfuil a lán craobhacha uile-Éireann bainte amach acu. Is é an phríomhsprioc atá acu ná a dteanga agus a n-oidhreacht a choinneáil i gcroílár a gcuid ceoil.
___
Séamus and Caoimhe Uí Fhlatharta were born and raised in the Connemara area, which is renowned for its richness of music, singing, culture and language. They made a huge impact on the audience on “The Late Late Show”, where they performed a magical version of the lament “Anach Cuain”. The show was very much in tune with the spirit of the country and the video was shared by thousands around the world. The pair have gained recognition for their sean-nós singing (singing in Irish that is mostly sung without accompaniment) and their unique arrangements of songs in both Irish and English. They are particularly interested in harmonies and their family ties and relationships help them achieve this. They are both talented musicians, dancers and songwriters who have won numerous All-Ireland titles. Their main goal is to keep their language and heritage at the heart of their music.
Advertisement
Event Venue & Nearby Stays
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Great James Street, BT48 7DF Derry, United Kingdom, 37 Great James Street, Londonderry, BT48 7DF, United Kingdom, Derry
Tickets
Concerts, fests, parties, meetups - all the happenings, one place.





