About this Event
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán), sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chugainn ag [email protected] i bhfoirm Word, roimh an 5 Meitheamh 2024.
Roghnóidh Mícheál Ó Conghaile na saothair is feiliúnaí ó gach duine agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann ar an 12 Meitheamh in Outhouse. Seolfar saothar gach scríbhneora amach chuig gach rannpháirtí (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na rannpháirtithe ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí nua atá ag tosú.
Is a bhuí le Scéim na Litríochta (Foras na Gaeilge) atá muid in ann an tsraith seo seisiún scríbhneoireachta a reáchtáil.
Event Venue & Nearby Stays
Outhouse LGBTQ+ Centre, 105 Capel Street, Dublin 1, Ireland