About this Event
Tugaimid cuireadh do chuairteoirí páirt a ghlacadh inár dturais threoraithe ar sheomraí na Dála agus an tSeanaid agus an deis a thapú breathnú thart ar fhoirgneamh álainn stairiúil a athchóiríodh le déanaí. Beidh rud éigin ann don uile dhuine ag an Teach Oscailte i dTeach Laighean, agus táimid ag tnúth le bualadh le teaghlaigh agus cuairteoirí, idir óg agus aosta, chun taitneamh a bhaint as ár n-oíche speisialta.
- Níl aon táille ar theacht isteach ach ní mór ticéad a chur in áirithe roimh ré.
- Is trí bhealach isteach Shráid Chill Dara amháin a bheidh cead isteach.
Is i dTeach Laighean a shuíonn dhá Theach an Oireachtais (An Pharlaimint Náisiúnta), arb éard í Dáil Éireann (Teacht na nIonadaithe) agus Seanad Éireann (an Seanad). Is é Richard Cassels, a dtugtaí Richard Castle air chomh maith, a dhear é mar áras cónaithe cathrach James Fitzgerald, céad-Diúc Laighean.
Faigh amach tuilleadh faoi stair an fhoirgnimh.
Is údar bróid é dúinn i mbliana go bhfuil creidiúnú againn ó AsIAm mar Pharlaimint a thacaíonn le daoine a bhfuil uathachas orthu. Is é Teach Laighean ceanncheathrú Thithe an Oireachtais, Parlaimint do chách. Chun níos mó eolas a fháil ar conas a dhéanaimid iarracht freastal ar riachtanais gach cuairteora chuig Teach Laighean, féach ar ár dtreoracha, mapaí agus ár n-acmhainní.
- Féach ar na bealaí gur féidir linn freastal ar do riachtanais inrochtaineachta agus tú ar cuairt ar Theach Laighean
Event Venue & Nearby Stays
Leinster House, Kildare Street, Dublin 2, Ireland
EUR 0.00