Advertisement
Clare SandsIs fidléir den tséú glúin agus amhránaí dátheangach í Clare Sands ó Chorcaigh, Éire. Tarraingíonn sí go domhain ó cheol a sinsear, agus fíonn sí fréamhacha traidisiúnta Gaelacha le fuaimeanna agus tionchair chomhaimseartha. Tá baint dhomhain ag a hamhráin le háit, agus an teagmháil idir béaloideas, teanga agus gníomhaíochas le fonn ceoil. Tá cáil uirthi as a fuinneamh amh tógálach, agus tá spiorad neamheaglach mar a bheadh ag gaiscíoch aici, a spreagann agus a aontaíonn lucht féachana timpeall an domhain.
Chomh maith lena saothair nuálacha cheoil tá taibhithe spleodracha. Tugann Clare a lucht féachana léi ar aistear spreagúil lán dóchais, amhránaíochta, ceiliúrtha agus croí. Bhí sí ag féilte le deireanas, lena n-áirítear Féile Ceoil Tíre Glastonbury agus Cambridge sa Ríocht Aontaithe, Fête De la Musique sa Fhrainc, Festival Cervantino i Meicsiceo agus Port Fairy Folk Festival san Astráil.
Le halbam nua á eisiúint san fhómhar in 2026, níl aon chuma ar Clare go bhfuil sí ag moilliú. Is léiriú í ar chumhacht bhuan an cheoil daoine a aontú agus a spreagadh, trúbadóir don lá atá inniu ann, a théann i bhfeidhm i nglúiní agus cultúir éagsúla.
___
Clare Sands is a sixth generation fiddle player and bilingual singer from Cork, Ireland. Drawing deeply from the music of her ancestors, she weaves traditional Irish roots with contemporary sounds and influences. Her songs are deeply connected to place, and where folklore, language, and activism meet melody. Known for her raw and infectious energy, she embodies a fearless warrior-like spirit that inspires and unites audiences around the world.
Her innovative musical creations are matched by electrifying live performances - Clare brings her audiences on an exhilarating journey full of hope, singing, celebration, and heart. Recent festival appearances include Glastonbury & Cambridge Folk Festival (UK), Fête De la Musique (FR), Festival Cervantino (MEX) and Port Fairy Folk Festival (AUS).
With a new album being released in Autumn 2026, Clare is showing no signs of slowing down. She stands as a testament to the enduring power of music to unite and inspire - a troubadour for the modern age, whose melodies resonate across generations and cultures alike.
Lonesome George
Is grúpa cairde agus ceoltóirí iad Lonesome George atá lonnaithe i mBéal Feirste.
Is iad atá ann: Joe Campbell-McArdle, a bhfuil aithne mar Sheosamh Mac fosta (giotár & glór), Myles McCormack (maindilín & glór) , Catriona Ní Ghribín (bosca ceoil & glór), Fintan Mulholland (feadóg mhór & glór) agus Tommy Moynagh (bodhrán).
Úsáideann siad meascán fuaimeanna traidisiúnta agus comhaimseartha ina gcuid ceoil chun a bhfuaim uathúil féin a chruthú. Clúdaíonn a n-amhráin ábhari mar athrú aeráide, géarchéim na dteifeach agus meabhairshláinte.
Bí ag súil le gach rud ó chomhcheol ilsraithe glóir go fuaimdhreacha dorcha diamhra rithim indamhsa ardfuinnimh stiúrtha ag rifeanna.
Tá siad i ndiaidh filleadh abhaile le deireanas ó chamchuairteanna ceoil sa tSín (2025) & i gCeanada (2024), agus bhí gigeanna acu in Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithie, Amstardam san Ísiltír agus Beirlín sa Ghearmáin le blianta beaga anuas.
"Tráchtaireacht shóisialta agus pholaitiúil iontach fillte i mbrat de shíoda acústach le hidirghníomhú casta idir an fheadóg mhór agus na téada. A leithéid d’fhuam úrnua!" - John McSherry (The Olllam, At First Light)
___
Lonesome George are a group of friends and musicians based in Belfast. They are: Joe Campbell-McArdle, also known as Seosamh Mac (guitar & vocals), Myles McCormack (mandolin and vocals), Catriona Ní Ghribín (accordion & vocals), Fintan Mulholland (flute & vocals) and Tommy Moynagh (bodhrán). They use a mix of traditional and contemporary styles in their music to create their own unique sound. Their songs cover topics such as climate change, the refugee crisis and mental health…
Expect everything from multi-layered vocal harmonies to dark mysterious soundscapes and danceable high-energy riff-led grooves.
They have recently returned home from tours in China (2025) & Canada (2024), and they have had gigs in New York, USA, Amsterdam, Netherlands & Berlin, Germany in recent years.
"Great social and political commentary wrapped up in a blanket of acoustic silk with intricate flute and strings interplay. Such a refreshing sound!" - John McSherry (The Olllam, At First Light)
Advertisement
Event Venue & Nearby Stays
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Great James Street, BT48 7DF Derry, United Kingdom, 37 Great James Street, Londonderry, BT48 7DF, United Kingdom, Derry
Tickets
Concerts, fests, parties, meetups - all the happenings, one place.






