Advertisement
Ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge i gcuimhne ar Phádraig Ó hAoláin á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht.Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair 2024, ag 10.00 r. n.
Ionad: Cló Iar-Chonnacht, an Cheardlann, An Spidéal.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile (scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht) agus Ciarán Ó Fátharta (cumadóir amhrán agus craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta).
Tá an cheardlann seo á heagrú i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) a thacaigh go mór le cur chun cinn na n-amhrán is an cheoil thraidisiúnta agus na n-ealaíon dúchais fré chéile. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), agallaimh bheirte agus lúibíní. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadoirí aitheanta agus ó chumadóirí nua.
Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: amhrán nuachumtha, agallamh beirte nó lúibín a sheoladh chuig CIC roimh an 21 Deireadh Fómhair 2023.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach cumadóra chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh is a mheas.
Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim óna chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann.
Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Tuilleadh eolais:
Bridget Bhreathnach nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
www.cic.ie
Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon
Advertisement
Event Venue & Nearby Stays
Clo Iar-Chonnacht, Spiddal, Ireland H91 CH01, Galway, Ireland